Seanachas ó Chairbre 1

Scríbhinní Béaloidis 13


Seán Ó Cróinín (a thóg síos) & Donncha Ó Cróinín (

Hardback €36.00
Catalogue Price: €40.00
ISBN: 978-0-901120-90-8
March 1985. 660pp.

Ar Creig, láimh le Cuan Dor, a rugadh agus a tógadh Seán Ó hAo. In aon bhliain amháin (1861) a saolaíodh é féin agus Pádraig Ó Crualaoi, agus an saol-ré chéanna, geall leis, a fuair an bheirt; ach is mór a bhí eatarthu mar leis an saghas saoil a chaitheadar. Le ceird a athar a chuaigh gach duine acu: snáthad agus snáithín ag Pádraig; duán, drae (dorú) agus lion ag Seán. Saol seascair ag duine acu; saol suaite go leor ag an bhfear eile, mar i gcead do lucht rómánsaíochta, níor shaill gan fiacha an iascaireacht aimsir na maidí agus na seol. Cá haionadh go ndéarfadh an seaniascaire: ‘Níl éine chó breá saol leis an té aimsíonn a bhróga fén leabaig ar maidin!’

Ar an bhfarraige a chaith sé a shaol, agus formhór na haimsire bhí sé mar chaptaen ar logaeir iascaigh. Ní raibh aon chuid de chósta na tíre seo nárbh eolach dó, agus labhair sé Gaeilge le Connachtaigh agus le Conallaigh agus fiú amháin le seanduine in Óméith. Dhein sé a shlí i mBéarla idir a lán saghas náisiúnach ó Mhanainn go Ceann Tailimh Shasana.

Ní raibh líomatáiste ba líonmhaire Gaeilgeoirí tráth ná Cairbre, an bharúntacht is mó in Éirinn. Ach ó aimsir na Gorta d’imigh leaghadh chúr na habhann ar an teanga ann, agus níor mhair sí ach i gCléire amháin. Gaeilge ba ghnáththeanga fós I gcomharsanacht Chuan Dor in óige Sheáin. Ach bhí sí ag cúlú agus ag meath feadh na haimsire, agus féin am go raibh trí fichid bliain caite ar an muir aige is beag n’a go raibh sé ina Oisín d’éis na Féinne.

Nuair a chuaigh Seán Ó Cróinín go Cairbre i mí na Samhna, 1939, ní mór na Gaeilgeoirí d’aon liofacht a casadh air taobh amuigh de She’an Ó hAo. Ach ba bhre’a an teanga labhartha eisean thar ceann na muintire a bhí imithe. I dtréimhse naoi mí tógadh síos uaidh lán 1,500 leathanach de bhéaloideas mara agus tíre, mar aon lena chuntas féin ar chúrsaí a shaoil. Ba leonaitheach mar a ráinig an méid seo de chaint agus de bhéaloideas Chairbre a theacht slán ó bhéal na hua, óir mara mbeadh é ní mór eile dá dtuairisc a bheadh againn.

Seanachas ó Chairbre 1