Scéalta Mháirtín Neile

Bailiúchán scéalta ó Árainn (Scríbhinní Béaloidis 17)


Holger Pedersen (a thóg síos sa bhliain 1895) & Ol

Hardback €31.50
Catalogue Price: €35.00
ISBN: 978-0-906426-17-3
January 1994. 412pp.

Bailiúchán de 39 scéal a bailíodh in Árainn sa bhliain 1895 atá sa leabhar seo. Bhí béaloideas á bhailiú in Éirinn ag an am, ach bhí taithí ag bailitheoirí an ama dul ó dhuine go duine ar thóir na rudaí a bhí uathu. Chleacht bailitheoir an bhailiúcháin seo modh eile bailithe. D’fhan sé seo le haon fhaisnéiseoir amháin, nach mór, agus bhí sé ag iarraidh a stór béaloidis go léir a bhailiú uaidh. Modh bailithe nua-aimseartha ab ea an modh sin, agus modh nár chleacht béaloideasóirí na Gaeilge go dtí go dtáinig Séamus Ó Duilearga ar an bhfód i bhfichidí an chéid seo. Tá na leaganacha is luaithe a bailíodh riamh in Éirinn de scéalta áirithe le fail sa leabhar seo.

Ba é an teangeolaí Danmhargach mór le rá Holger Pedersen (1867–1953) a bhailigh na scéalta le linn dó a bheith in Árainn ag foghlaim na Gaeilge. Bhí Pedersen ina fhear ó gag an am, ach bhí sé chun cáil a bhaint amach dó féin gan mhoill lena chuid scríbhinní faoi na teangacha Ceilteacha agus faoi theangacha eile nach iad. Ba é an sárleabhar Vergleichende Grammatik der keltischen Sprachen. I-II (1909–13) an leabhar is tábhachtaí a scríobh sé. Bhí a fhios ag scoláirí na Gaeilge gur chaith Pedersen tamall in Árainn, ach níorbh fhios go raibh a chuid leabhar nótaí ón am le fail fós go dtí go dtáinig an t-eagarthóir orthu sa Leabharlann Ríoga i gCopenhagen.

Ba é Máirtín Neile Ó Conghaile (timpeall 1824-1904) as Baile na Creige, Inis Mór, Árainn, a d’aithris na scéalta do Phedersen i dteannta le hábhar eile b’ealoidis. Ba é Máirtín Neile an scéalaí ab fhearr a bhí in Árainn ag an am, agus maireann a chlú agus a chuimhne beo i measc mhuintir an oileáin fós. Casadh cuid mhaith scíbhneoirí ón am ar Mháirtín, agus d’fhá daoine cosúil le Jeremiah Curtin, Arthur Symons, John Millington Synge, agus Pádraig Mac Piarais cuntais scríofa faoi ina ndiadh. De thoradh na bhfoinsí seo go léir, is féidir a rá nach bhruil aon scéalaí Éireannach eile ón 19ú haois a bhruil an oiread céanna eolais le fail faoi agus at’a faoi mHáirtín Neile, ná ní aon scéalaí Éireannach eile ón am sin ar bailíodh an oiread céanna ábhair bhéaloidis uaidh.

Is é Ole Munch-Pedersen, MA (Béarla), an t-eagarthóir. Is mar gheall ar an tsuim a bhí aige i litríocht Bhéarla na hÉireann a thosaigh sé ar an nGaeilge a ghoghlaim. Tá ailt ar W.B. Yeats, ar an mb’ealoideas, ar stair an cheoil, srl. i gcló aige. Tá sé ag múineadh scoil go páirtaimseartha i gCopenhagen, agus t’a sé ag obair faoi láthair ar eagrán den chuid eile de leabhair nótaí Phedersen.

 

Scéalta Mháirtín Neile